Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 50
- XML “Peadar Óg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)istigh acu. Níor mhaith leo an bhó a thabhairt leo mar dá moitheochadh duine ar bith iad mhuirbhfidhe iad. D'imthigh siad ag tarraingt ar an bhaile an bealach céadna a dtáinic siad. An fear a casadh ortha chuaidh sé caol díreach chuig na dearbhrathaireacha seo agus d'innis sé daobhtha cé a casadh air. Luigh siad rompa nuair a bhí siad ag teacht arais.
Nuair a bhí na fir fá ghiota daobhtha chuaidh an cailín óg amach a bhlighe an eallaigh. Ach ní rabh bainne ar bith ag an eallach, ní rabh acu ach fuib Scaoil na fir ach níor mharbhuigh siad duine ar bith. Scaoil siad ath-uair agus mharbhuigh siad an fear nach rabh ach na sé-mhí pósta. Scannruigh an chuid eile agus d'imthigh siad leo na bhaile na rith. Ar maidin an lá thar na bhárach chuaidh muinntir an fhir a marbhadh agus thug siad an corp na bhaile. Bhí siad iongantach buadhartha. An bheirt fhear a chonnaic a thaidhbse, nuair a chualaidh siad caidé d'éirigh dó. Chraith siad a gceann agus dubhairtsiad go rabh fhios acu nach mbéadh sé saoghalach.- Faisnéiseoir
- Niall Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall