Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 58

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 58

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 58
  3. XML “Iarla Inis Eoghain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Thug an seanduine cogar do'n tseanbhean nach rabh uisce ar bith sa teach agus d'iarr seisean uirthi gabhail amach agus sin innse do'n fhear. Chuaidh sí amach agus d'innis sí do'n fhear nach rabh uisce ar bith sa teach agus go rabh giota fada acu le ghabhail fá choinne an uisce. D'iarr sí air theacht isteach agus ghlan an tseanbhean a lámha ina naprun. Dubhairt sí leis an fhear an chead pholl uisce a chasfaidhe air é a lámha a nighe ann.
    Dubhairt an fear go rabh sé ag imtheacht. Nuair a chuaidh sé anonn go Meirioca chuir an fear uasal ceist air caidé an cineal áite a bhí ag an stóchach. Dubhairt an seirbhiseach go brah caisleán aige agus go rabh fuinneóg air as coinne gach lá sa bhliain. Dubhairt sé go bhfuair sé an dinnéar a b'fhearr a fuair sé ariamh agus nach bhfacaidh sé leitheid de chailín freastala ariamh. Chreid an fear uasal é. Pósadh ingean an fhir uasail agus mac an Iarla ar maidin an lá thar na bhárach agus bhí bainfhéis acu a mhair bliain agus lá agus b'fhearr an oidhche dheireannach de'n bhainfhéis na an chead oidhche. Bhí saoghal sona sásta acu ó'n lá sin go dtí lá a mbáis.
    Iseabal Ní Dhuibheannaigh
    Aois 45 bliadhain
    Doire na Mainsear
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Iseabal Ní Duibheannaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    45
    Seoladh
    Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall