Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar an oilean. D'iarr sé ar na fir bád beag a thabhairt leo agus an gasúr a thabhairt chuige. Rinn na fir mar h-iarradh ortha agus thug siad an gasúr ar bhórd luinge chuig an chaptaoin. Chuir an captaoin fáilte roimh an ghasúr agus thug sé biadh agus deoch dó. Nuair a bhí a sáith ite aige d'innis sé an sgéal do'n chaptaoin mar caitheadh amach ins an fhairrge é.
Sheol an bád léithe go dtainic siad go Sasain. Nuair a shroich siad an cladach d'iarr an captaoin ar an ghasúr imtheacht leis. D'imthigh sé leis. Chonnaic sé triúir fear ag siubhal roimhe agus lean sé díobhtha agus cá h-áit a rabh siad ag gabhail ach na ceardcha. Nuair a d'imthigh na fir araist chuir an ghabha ceist ar an ghasúr caidé bhí bhith air. "Tá" ars' an gasúr "loistín na h-oidhche". Dubhairt an gabha go dtiocfadh leis fanacht go maidin. Annsin d'innis an gasúr do'n ghabha mar caitheadh amach ins an fharraige é agus mar thainic sé go Sasain. Dubhairt an gabha má's mar sin a bhí go gcongbhochadh seisean feasta é ná go rabh sé dhith air.
An bhliain na dhiaidh sin mheath an bárr i nÉirinn. D;imthigh na preáchain uilig anonn go Sasain ach coileach agus cearc. Leig an chearc amach éilín agus fuair siad uilig bás ach ceann amháin. Nuair a bhí an t-éan trí lá d'aois d'imthigh an chearc léithe go Sasain. D;fhan an coileach sa bhaile agus thug sé aire do'n éan.
An dara bliain bhí bárr maith i nÉirinn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Searlus Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall