Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 75

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 75

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 75
  3. XML “An Rí agus a Thriúr Mac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    thart le fear a bhí ag glanadh simléara. Scairt an lear a bhí greamuighthe do'n fhear leis an fhear a bhí ag glanadh an tsimleora theacht agus cuideadh leis fagháil réidhtighthe leis an fhear seo. Thainic sé fhad leis ach níos luaithe a fuair sé greim air ná ghreamuigh sé féin dó.
    D'imthigh siad leo giota eile. Nuair a bhí siad ag gabháil thart le teach gárdaí mhothuigh fear de na gárdaí an screadach. Chuaidh sé amach agus chonnaic sé Peadar agus an mhuinntir eile greamuighthe dó. Chuaidh sé fhad leo ach comh luath is fuair é greim ar fhear de na dearaibh ghreamuigh sé féin dó fosta. Thoisigh an gárda a scairtigh ar a bhean. D'amharc sí amach ar an fhuinneóig agus chonnaic sí a fear greamuighthe do'n scaifte. Chuaidh sí a chuideadh leis ach ghreamuigh sí dó.
    D'imthigh Peadar leis agus nuair a bhí sé ag gabháil thart leis an bhaile mhór bhí na daoine uilig ag gáiridhe faoi. Bhí fear na chomhnuidhe ar an bhaile mhór a rabh ingean aige. An té a chuirfeadh a gháiridhe í gheibhadh sé í le pósadh. Bhí an fear seo ag amharch amach ar an fhuinneoig agus nuair a chonnaic sé Peadar fágadh marbh leis na gáiridhe é. Chuiahd sé amach agus d'iarr sé ar Pheadar a theacht anall agus seasamh ag an tseomra a rabh a ingean ann agus dá gcuirfeadh sé a gháirdidhe í go bhfuigheadh sé í le pósadh. Rinn Peadar mar h-iarradh air....
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Domhnall Ó Grianna
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall