Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí go maith is ní raibh go h-olc. Thug an dara fear leis an cat agus níor stad sé gur shroich sé an baile mhór. Bhí an oidhche ann nuair a thainic sé fhas leis an bhaile mhór. Chuaidh sé ar loistín i dteach a bhí ag coirneál na sráide. Bhí an teach lán luchóg agus thoisigh an cat agus mharbhuigh sé gach ceann ariamh acu. Thairg fear an toighe airgead mór dó ar an chat agus thug an dara fear an cat dó ar dheich bpunnta. D'imthigh sé na bhaile agus é bréagh sásta leis féin. Nuair a chualaidh an mac a b'óige an sgéal dubhairt sé go ndíolfadh sé féin an dréimire. Chuir sé an dréimire ar a ghualainn agus thug sé a aghaidh ar an bhaile mhór. Ach níor thairg duine ar bith pighinn ar an dréimire. Bhí an oidhche ag teacht agus ní raibh pighinn aige le díol ar son lóistín na h-oidhche. Bhí an fear bocht i gcruadh-chás. Nuair a bhi an oidhche dhubh dhorcha ann thainic triúr fear fhad leis. D'iarr an fir air ghabhail leo agus go dtabharfadh siad luath a shaothair dó. Chuaidh an mac a b'óige leo. D'imthigh an cheathrar acu leo go dtí caisleán áluinn a bhí i lár an bhaile mhóir. Chuir siad an dréimire suas leis an chaisleán an áit a raibh fuinneog agus chuiadh siad isteach sa chaisleán agus thug siad leo ór agus airgead. Fuair an mac a b'óige mála de'n ór agus d'imthigh sé na bhaile agus é bréagh sásta leis féin. Ach bhí droch-ádh air féin agus ar an ór. Thoisigh sé féin agus an bheirt eile a throid agus marbhadh é. Annsin thainic lucht an dlighidh agus thug siad leo an t-ór.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Éamonn Mac Ruaidhrigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 38
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall