Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 80

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 80

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 80
  3. XML “An Cailín Dílis”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    na giorsaighe agus an ghasúra níos mó.
    Annsin thionntuigh siad isteach ina gcumraidheacht féin aríst. Bhí tart ar an ghasúr agus d'iarr an ghiorsach air ghabháil isteach i dteach a bhí ann agus deoch fhagháil. Nuair a bhí sé ag gabhail isteach, d'iarr sí air gan dearmad a dhéanamh díthe. Dubhairt sí leis go rabh cú mór istigh sa teach agus dá luighfeadh sí do'n choin é phógadh go ndéanfadh sé dearmad díthe-sin. Chuaidh sé isteach agus bhí luthgháir mhór fá na choinne. D'imthigh cailín amach fá choinne uisce le tae a dhéanamh dó. Chonnaic sí an cailín deas na seasamh amuigh fá ghiota do'n teach ag fanacht leis. Chuaidh sí fhad léithe agus thug sí tae do'n bheirt acu.
    Chuir bean an toighe ceist ortha cá rabh siad ag gabhail. D'innis an cailín duithe caidé mar bhí agus cé bhí ins an ghasúr ach a mac féin a ghoid an fathach leis nuair a bhí sé na leanbh. Bhí lúthgháir mhór uirthi nuair a bhí a mac féin aici aríst. Pósadh an gasúr agus an ghiorsach agus bhí dóigh mhaith ortha ó'n lá sin go dtí an lá indiu.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Maighread Nic Ruaidhrigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    37
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall