Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an ríogh é fhéin a bhéadh ann. Dá muirbhfidhe é gur chuma agus dá mbainfeadh sé go dtiocfadh leisean ingean an ríogh a phósadh.
Thainic lá na troda agus sé an áit a rabh siad le troid as coinne chaisleán an ríogh. Bhí ingean an ríogh na suidhe thuas ins an fhuinneog báire agus bhí na mílte duine cruinnighthe go bhfeicfeadh siad an troid. thainic mac ríogh na Sasana aníos an baile agus thainic Ball Dearg anuas an baile agus thoisigh an troid. Thug prionnsa Shasana iarriadh Ball Dearg a chur de bheathach ach bhuail Ball Dearg é le na chlaidheamh agus chaith sé an ceann de. Sul ar thuit sé go talamh cheap sé é agus chaith sé suas chuig an bhainríoghain é agus dubhairt "sin pronntanas duit".
D'imthigh sé annsin na bhaile go dtí an caisleán agus d'innis sé do'n rígh, do'n bhainríoghain agus do'n phrionnsa goidé mar d'éirigh leis. D'iarr sé ar an phrionnsa annsin ghabhail agus í a phósadh. Chuaidh an rí, an bhainríoghain agus an prionnsa go caisleán ríogh na Frainnce ach dubhairt ingean an ríogh nach eisean a throid ar a son agus an fear a throid ar a son már tógadh ariamh san Spáinn é, ná an soillsiughadh a rinn an ghrian ar a chuid gruaige gur b'fhuras d'aithne nach fear de chuid na Spáinne a bhí ann.
Tamall na dhiaidh sin bhí cleasa lúth ann chonnaic(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 43
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall