Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Bhainríoghain agus Cailleach na gCearcBhí rí agus bainríoghain ann i bhfad ó shoin agus bhí triúr mac agus ingean acu. Fuair an bhainríoghain bás agus annsin cuireadh an triúr mac isteach i dtúr a bhí i bhfad ar shiubhal sa Domhan Thoir. Fágadh an ingean sa bhaile ag an athair. Fá dheireadh phós an rí bean eile agis bhí triúr ingeanach aici. Bhí an t-iomlán acu go h-olc do'n leas-ingean. Achan lá chuirfidh ar shiubhal an leas-ingean le mála bidh chuig na bochta ach ní do na bochta a bhí sí ag tabhairt an bídh, is do na cuid dearbhrathaireacha a bhí sa túr san Domhan Thoir.
Lá amháin chuaidh an bhainríoghain síos go dtí tobar uisce. CAsadh Cailleach na gCearc uirthi agus d'innis sí do'n bhainríoghain nach rabh an leas-ingean ag roinnt an bhídh ar na bochta i n-aon chor. Dubhairt an bhainríoghain go gcuirfeadh sí bean de na cuid ingeanach dhéin léithe an darna lá agus go mbéadh fhios aici annsin caidé bhí sí a dhéanamh leis an bhiadh.
Nuair a thainic an leas-ingean chuir an bhainríoghain ceist uirthi an rabh sí ag roinnt an bhídh ar na bochta. Dubhairt an cailín go rabh cinnte. Lá ar na bhárach nuair a bhí sí ag imtheacht cuireadh duine de na cailíní eile léithe. Nuair a bhí siad giota maith ar shiubhal casadh crann ubhall ortha. D'iarr an leas-ingean uirthi ubhla a ithe, ubhla...(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Róise Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall