Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí cailín aimsire ar fastódh ag feirmeóir bliadhain amhain. Lá aonaigh a bhí ann agus bhí an teach faoi na cúram féin. Thoisigh sí a scuabadh an urláir agus goidé a fuair sí caillte ach giní óir. Chaith sí uirthi agus bhog léithe 'un aonaigh. Cheannuigh sí muc ar an ghiní. Annsin thug sí a h-aghaidh ar an bhaile.
Ar a bealach na bhaile bhí aici le ghabháil thar chlaidhe mhór. Ní rachadh an mhuc thar an chlaidhe díthe. Shiubhail sí giota beag le cois an chlaidhe agus casadh madadh díthe. D'iarr sí ar an madadh greim a bhaint as druim na muice. Dubhairt an madadh nach ndéanfadh sé sin. Shiubhail sí giota eile agus casadh bata uirthi. D'iarr sí ar an bhata an madadh a bualadh mar nach mbainfeadh sé greim as an mhuic, nach dtabharfadh an mhuc léim thar an claidhe agus nach bhfuighead sise na bhaile anocht. Dubhairt an bata nach mbualfadh.
Shiubhail sí giota eile agus casadh teine uirthi. D'iarr sí ar an teinigh an bata a dhóghadh mar nach mbuailfeadh sé an madadh, nach mbainfeadh an madadh greim as an mhuic, nach dtabharfadh an much léim an chlaidhe agus nach bhfuigheadh sise na bhaile anocht. Dubhairt an teine nach ndéanfadh sí a leithéid sin de rud.
Shiubhail sí giota eile agus casadh uisce uirthi.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Aodh Ó Baoigill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Móna, Co. Dhún na nGall