Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile na Bó
- XML Leathanach 153
- XML “Oisín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An Sgeul ( ar leanamhaint)
an cailín óg i n-a comhnuidhe. Nuair a thainic siad an fad sin bhí gach eile rud ag soilseadh agus ba é le Oisín gach eile rud. Achan áit a rachadh Oisín bhí sé ag chur pléisiúrdha ar an seabhnbas a bhí aige. Bhí siad beo go aoibheann ar feadh trí mhíle bliadhna. Aon lá amháin dubhairt sé le na bhean go rabh sé ag dul go h-Éireann a amharc ar a chuid daoine muintireacha. Dubhairt sé nach mbéadh sé a bhfad go mbéadh sé aráist. Dubhairt sise nar mhaith léithe é a ligint. Ach arsa sise leis, 'Seo bocsa agat agus tabhair eire mhaith de agus nach fosgail é no ní fheici tú mise go brath'.
Thug sí an bocsa do agus dimthigh Oisín leis go h-Éireann. Nuair a tháinic sé an fad sin ní rabh a dhath le feiceal aige ach an talamh cothrom ins an áit a rabh teach a athara. Bhí na cnoic annsin murra a dfhág sé iad an srughan beag uisce a bhí na rith síos le taoibh teach a athara. Bhí sé annsin mura dfhág sé é. Shíl sé go dtáinic archa mór ar an áit le trí bliadhna. Bhí beirt fhear ag dul thart. Tháinic Oisín a fhad leóbhtha. Chuir Oisín ceist ortha cá áit a bhfuil teach Oisín a bhí i n-a sheasamh annseo. Oisín arsa siadsan tá sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máighréad Ní Chongail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall