Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)

Suíomh:
Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Ailbhe Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 155

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 155

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na Bó
  2. XML Leathanach 155
  3. XML “An Bhaintreach agus an Gasúr”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Sgéul: (ar leanamhaint)
    An Bhaintreabhach agus an gasúr.
    teangaidh as. Is caidé ba chóir damh a rádh arsa an gasúr, go dtachtar an beatach salach. Déarfaidh mé sin, arsa an gasúr, agus dimthigh leis. Chuaidh sé giota eile, agus casadh fear agus a bhean air, agus bhí an fear ar meisge. Go dtachtar an beatach salach, arsa an gasúr agus é ag dul thart. Go dtachtar thú fhéin, arsa an bhean, ag faghail greim ar an ghasúr. Cad chuige an abair tú sin le mo fhear chóir, agus chraith sí an gasúr.
    Thosuigh sé a chaoineadh, Chan fhuil fhios agam faoin ghréin, arsa seisean. caidé a déarfas mé. Char dhubhairt mé aon fhocal indiu nár buaileadh mé ar a shon. Conbhuigh do bhéal druidthe arsa an bhean. Mur bfuil tú ábalta labhairt cosamhail le Críostaidhe is fearr duit a bheith in do thost. Glacfaidh mé do chomhaikle a bhean arsa seisean, agus dimthigh sé leis. Char bhfada anois gur shroich sé an baiole mór. Bhuail sé an sgilling ar an chúntar. Caidé déanfas mé duit|? arsa an buisteoir. Ní labhróchadh an gasúr. Caidé atá a dhith ort ar an sgilling? arsa an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1696: “What Should I have Said (Done)?”
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sighle Nic Fhionnghaile
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Brighid Nic Fhionnghaile
    Inscne
    Baineann
    Aois
    62
    Seoladh
    Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall