Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)

Suíomh:
Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Ailbhe Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 161

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 161

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na Bó
  2. XML Leathanach 161
  3. XML “An Gasúr ag Foghlaim Gadaíochta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an rópa aráis aige. Ach nuair a bhí an t-airgead thuas ghearr siad an rópa agus ar shiubhal leó, agus d'fág siad an gasúr istigh. Cha rabh a fhios ag an gasúr caidé a dheanfhadh sé annsin. Bhí sé fríd an teach 'acha'n áit go dtáinic sé fhad le prios mór. D'amharc sé isteach sa phrios agus chonnaic sé croicne colapaigh. Chuir sé an croiceann air agus chuaidh sé go dtí an áit a rabh an fear an toighe na luighe. Chuir sé a cheann isteach 'sa leabaidh agus d'amarc a fear air agus dubhairt an gasúr muna leigfeadh sé amach é go mairbhfeadh sé é.
    D'éirigh an fear agus leig sé amach an gasúr. D'imthigh sé leis go dtáinic sé fhad le teach a rabh solas beag ann. Chuaidh sé go dtí an fuinneóg agus d'amharc sé isteach agus chonnaic sé an beirt gaduidhe a d'fhág 'sa teach eile é agus iad ag cuantas an airgid. Nuair a chonnaic siad an rud ag an fuinneóig sgánnruigh siad agus amach an doras leó agus ar shiubhal. Nuair a bhí na gaduidhe ar shiubhal chuaidh an gasúr isteach agus fuair sé an t-airgead uilig. Cuireadh é annsin le beathathach a ghoid amach as an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eilís Nic Pháidín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Micheál Mac Pháidín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Seoladh
    Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall