Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)

Suíomh:
Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Ailbhe Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 189

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 189

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na Bó
  2. XML Leathanach 189
  3. XML “Leigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Léigheasanna ( ar leanamhaint)
    mhéir agus é a chur isteach i n-a fhiacal agus gráinín de'n chréafóige a thabhairt leis na bhaile.
    Annsin béidh biseach air.
    Caithte[?].2. Sé an dóigh le léigheas an chaithte a dhéanadh, miosár na bó a ghlacadh ó na ruball go dtí na béal chuig h-uaire. Annsin caithfidh tú cóinneal Mhuire a losadh agus an chroich chéasta ghéaradh ar a druim agus a chur faoi na bolg chuig h-uaire. Annsin rud beag fíonnaidh a tharraingt as druim na bó agus é a dhóigheadh faoi na béal leis an choinneal.
    Annsin béidh biseach uirthí i n-a gcupla lá.
    Deilg 3. Déir siad dá mbéadh dealg in do chos agus teanga an madadh ruaidh a chuimilt ar do chos go m-bainfeadh sé amach an dealg duit.
    Trúch 4. Dá m-béadh trúch ar dhuine agus é asal a fhághail agus píosa arán coirce a thabhairt do'n asal le h-ithe. Annsin caithfidh sé a ghabhail faoi an asal trí h-uaire agus é fhéin a coisreacadh agus béidh biseach air i gcupla lá.
    An dóigh le ghíosan gheala a dhéanamh donn. Sé an dóigh le ghíosan gheala a dhéanamh donn.
    Chaithfear an crotal atá ag fás ar craigeacha agus é a chruinniú
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Róise Nic Pháidín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Máighréad Ní Dhochartaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    40
    Seoladh
    Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall