Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile na Bó
- XML Leathanach 201
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear i n-a chomhnuidhe taobh amuigh de Leitir Ceanainn. Domhnall mac na baintreabhaighe a bhí air. Ní rabh lá ar bith nach n-diolfadh sé cárr mónadh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)d'innis sí do Dhomhnall go rabh an capall marbh. Thoisigh Domhnall a bhagairt ar an capall bhán. Nach rabh aon am aici bás a fhághail ach i lar an tSamhraidh. Tháinic Domhnall aníos le n-a mháthair go dtí an cárr agus dubhairt sé má d'imthigh bádaí Thoraighe orrainn, chá n-imtigheann rásaí Dhoire orrainn. Fiachfaidh muid le dóigh eile ar thiomáint na monadh agus chuaidh sé fhéin isteach idir an dá shluighe agus d'iarr sé ar an mháthair an cárr dhingeadh i n-a dhiaidh isteach go Letir Ceanainn. Dhíol sé cárr na mónadh agus nuair a bhí sé ag teacht na bhaile dubhairt sé le n-a mháthair go rabh sí tuirseach agus go dtiománfadh é í i n-a bhaile. Chuaidh siad an dara lá fosta le cárr eile agus bheir na gárdaí air mar go rabh lód mór aige ar an cárr, agus ní dteachaidh siad go Letir Ceanainn níos mo.Seanchaidhe: Mághnus Mac Fhlaithbheartaigh, Doire Uí Frighil- Bailitheoir
- Máighréad Nic Fhionnghaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Mághnus Mac Fhlaithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Seoladh
- Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall