Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)

Suíomh:
Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Ailbhe Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 229

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 229

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na Bó
  2. XML Leathanach 229
  3. XML “Éanlaith mar Fhaisnéis ar an Aimsir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Éanlaith mar fhaisnéis ar an Aimsir.
    1. Na fáinleóga a bheith íseal agus árd insan spéir gach dárna bomaite, i.e. a bheith árd ins an spéir agus annsin ag teacht le tuslóg amháin go d-tí bárr an uisce nó comhgarach go d-tí an talamh agus go h-árd ins an spéir ar ais sin comhartha fearthanna.
    2. Na préacháin agus na faoileóga a bheith ag sgréachaighil agus ag dul i bhfiadhain ins an aer sin comhartha fearthanna.
    3. An cat i n-aice na teineadh sin droch-comhartha doininne.
    4. An madadh a bheith ag ithe as tumóg féir comhartha go bhfuil áthrú aimsire ann.
    6. Glug i mbolg an mhadaidh comhartha droch-aimsire.
    7. Na ba bainne a bheith doiligh a chur isteach tráthnóna samhraidh comhartha go bhfuil stoirm agus tuilleadh fearthanna ag brughadh orainn.
    8. Na míoltógaí agus preabairí uisce a bheith go h-iongantach géur i n-am sádhbháil féir nó monadh sin comharthai fearthanna.
    9. Na h-easóga a bheith ag rith go coitcheannta agusa bheith fairsing le feiceál sin comhartha fearthanna agus stoirme.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Ailbhe Ó Conáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)