Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile na Bó
- XML Leathanach 231
- XML “Faisnéis na hAimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)12. An dusta a bheith ag eirghe den bhealach gan siocair comhartha báistighe: Ceó bóthair nó 'séideán sidhe' a bheirtear ar an séideán is cionntaighe le seo.
13. Na tonntracha móra bána agus cubhar orra a bheith ag rollughadh isteach 'un a chladaigh comhartha stoirme.
14. Na réaltogaí a bheith ag damhsa a bheith an-lonnrach agus a bheith ag tuitim, mar dh'eadh go talamh comhartha siocáin.
15. An cás a bheith ag sgread go mór ag Cill-Ulta comhartha siocáin.
16. An barra a bheith ag séideadh fá Mhachaire Rabhartaigh comhartha fíor droch-aimsire. i e. le linn duine a bheith in a chomhnuidhe ar an Fhálcarrach.
17. An barra a bheith le cluinstin ag sgread fá bhun na h-Abhanna Móire i nDruim na Teineadh ná e a bheith fán Tráigh Mór acht oiread sin comhartha go bhfuil tiormlach ag teacht. Dá fhad soir ón Chrois bhealach a bhíos an barra nó tuaim na fairrge sin mar is feárr an aimsir.
18. An t-Sáile a bheith glas sin stoirm ag teacht.
An t-Sáile a bheith gorm deas ciuín comhartha maith ar an aimsir.
19. Na cuileóga a bheith ar eireoíg agus ag crónán go mór comhartha doineanna.
20. Preabairí uisce. Creabhair beacha agus seangáin a bheith gnoitheach sin droch-chomhartha ar an aimsir.- Bailitheoir
- Ailbhe Ó Conáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)