Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile na Bó
- XML Leathanach 261
- XML “Cogadh an Talún i gCloich Chionnaola”
- XML “Lá na mBataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Lá na mbataí
Bhí a fhios ag an Riaghaltas agus ag a cuid seirbhíseach gur bh'é an t-Athair mac Stiopháin a bhí ag coinneál suas an troda, agus dá d-tiocfadh leó eisean a chur as an chasán nach mbeadh moill roinnt leis na daoinibh. coitcheannta. Mar sin de thainic saighdiuraí dubha ( constáblaí) as an bheiric ar an Fhalcarrach le príosúnach a dheanamh de. Tháinic cuid mhór constáblaí eile as Leitir Ceanainn, agus DúnFionnachaidh le cuidiú leó. Anoir a thainic an t-iomlán d'á d-tainic. Chuir siad futha in gach teach taibhirne ar an Fhálcarrach. Tá seacht g-cinn de na tighthe sin ann anois. Bhí ceann eile i.e ochtar san an sin. Chuir siad futha de réir mar bhí aít agus fairsingheacht doíbh le fághail ionnta. Nuair a chualaidh muintir na h-áite goidé ádhbhar a d-teachta chuir siad fógraí agus teachtairí amach le sgéala.(leanann ar an chéad leathanach eile)