Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile na Bó
- XML Leathanach 265
- XML “Duine Cáilmhear”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)AR LEANAMHAINT
gur tharraing sé meas annsin fosta air féin. Cupla Bliadhain i ndiaidh fághail isteach in "Éire Óg", rinne sé óráid brioghmhar do na h-Éireannaigh a bhí cruinn i Nuadh Eabhrach. Tamall i ndhiaidh tháinic sé ar ais go h-Éirinn; nuair a thainic sé bhí rudaí corrach go maith sa tír. Bhí Éire Óg go bagartach i n-éadan an t-Sasanaigh. agus bhí an Riaghaltas ag coimeá go géar ar obair na n-Éireannach n-Óg. Fuair sé posta ins an oifig an pháipéir - "An Náisiún" - Bhí sé clisde go leór le h-aghaidh an phosta sin. Mar bhí cleachtadh aige ar obair de'n chineál chéadna nuair a bhí sé ins na Státaí. Bhí aithne maith aige ar Dhomhnall Ó Conaill, agus bhí cáirdeas idir é féin agus priomh bhaill Cumann na h-Ath-Gharma a bhí ann le n-a linn. Badh é an t-ainm pinn a bhí ag Robaird Mac Liam ná "Éireannach Óg". Nuair a cuireadh deireadh leis "An Náisiún", agus a bheireadh ar mhuintir na n-Éireannach n-óg. Fiachadh iad agus daoradh iad. D'eirigh le Mac Liam éalodh go d-tí Na Státaí Aontuighthe ar ais. Fuair sé posta ar ais, n-oifig páipéir éigin acht i ndiaidh cupla bliadhain a chaitheamh thall phill sé go h-Éirinn. Fuair sé posta i n-oifig páipéir i n-Inis Ceithlinn. Bhí sé cúr píosaí nuaidheachta sa pháipéar faoi an ainm(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Ailbhe Ó Conáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Máighréad Ingean Benéid
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Niall Ó Dubhgáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Baile an Easa, Co. Dhún na nGall