Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 176
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus romhairocheadh sé acra talaimh sa lá. Bhí fear ina chomhnuidhe i dTulach uair amháin darbh’ ainm Páidí Dubh, agus ba ghnathach leis a beith ag bainn mhónadh i gcomhnuidhe mar bhí sé comhgarach do na portaigh. Bhí sé iongantach maith ag siubhail. Gach oidhche nuair a bhéadh a lá oibre deanta aige thiocfadh sé anuas [ún]? na h-áite seo fa choinne a shuipear. Bhí tuairim ar dó dhéag mile le siubhail aige idir anuas agus suas. Michéal Ó Gallchobhair, Gortamóra, na Dúnaibh, agus bhí sé iongantach maith ag léimnigh, léimeadh sé thar bhalla a bheadh ocht dtroighthe in aoirde. Bhí fear ina chomhnuidhe i Míobhuigh darb’ ainm Mícheal Mac Ghiolla Bhrighde agus bhí sé iongantach maith ag troid. Bhí sé i mBáile-Átha-Cliath uair amháin. Chuaidh sé isteach ar long a bhí i gcuan Bháile-Átha- Cliath agus dubhairt sé go dtróidfeadh sé duine. Dubhairt sé go dtroidfeadh sé duine ar bíth i mBáile Atha Cliath, acht ní rachad aon duine in a aice.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gorta Mór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Gorta Mór, Co. Dhún na nGall