Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 185
- XML “An Sionnach agus an Cat”
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)185Donncad Mac Laithbearthaig,
Na Dúnaib,
Tír Conaill.Tá an fear seo 78 bliadain d'aois. - Pósaidhthe.Ins an am i lathair pósann chuid is mó de na daoine ins an gheimhreadh, idir mí na Nodlag agus an Chorgas, ach i bhfad ó shóin phósadh na daoine ins an t-Samhradh. Deir na sean daoine nach bhfhuil sé ádhmháil pósadh Dia Sathairn no Dia Ceadaoine, nó i mí na Bealtaine. Ins an am i lathair geibh na daoiní airgead nuair a bhíonn siad ag gabháil a phósadh, ach i bfad ó shóin gheibheadh na daoine stoc a’s troscán tóighe. Ins an am i lathair pósann na daoiní ar maidín agus bíonn aifreann ann, ach i bhfad ó shóin phósadh na daoine ins an oidhche agus shiubhalfhadh na daoine go dtí Teach an Pobail agus muintir na tuaithe leó, ach ins an am i lathair bíonn gluaistean leis na daoine a bhitear ag gabháil a phósadh., I bhfad ó shóin béadh muinntir na tuaithe, i sgaifte mór acu leis an lánamhain go Teach an Phobail agus beadh siad ag ceól. Ní chaithfeadh na cáilíní eadach glas mar go rabh na seandaoine ag rádh gur éadach mis-ádhmáil é. Nuair a bheadh an bhainéis acu thiocfadh cuid buachaillí an bháile(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Róise Níc Pháidín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumhaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Dumhaigh, Co. Dhún na nGall