Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 215
- XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”
- XML “Filí an Bhaile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)oidhche bíonn na cailíní agus na buachaillí amuigh ag imirt cardaí no ag áirneál i dteach éigin agus ag innse sgéaltaí dhá chéile agus ag cur amach tomhaiseanna. Ins an Earrach bíonn na buachaillí ar cuartughadh neadrachaa agus ag breith ar na h-éanacha. Tá cuid de na páistí agus nuair a gheibh siad nead éan, briseann siad na h-uibheacha agus baineann siad na cleitheacha as an éan
- Fá thuairim ceithre fichid bliadhain ó shoin bhí cuid mhór filí ar an baile seo, acht tá siad uilig marbh anois. Bhí fear beag na comhnuidhe i dteach beag leis féin agus ní rabh file ar bith thart ins an paraiste a bhí comh maith leis ag déanamh dántaí no amhrain. Bá é Séimidh Ó Siadhail an t-ainm a bhí ar an fear sin. Bhí fear eile ann darbh ainm Pádraig Ó Siadhail agus bhí sé ion maith ag déanamh amhrain agus dantaí fosta. Bhí file eile i nDoire Chasain darbh aPádraig Mac Giolla Charra agus ní rabh sé mór leis na filí a bhí ins na Dunaibh agus bhéadh sé ag déanamh amhrain ag cáineadh na bhfilí a bhí ins na Dunaibh. Annsin thoisigh na filí a bhí ins na Dúnaibh ag déanamh amhrán ag cáineadh an fhile a bhí nDoire Chasain. Bhí na filí sin ag déanamh amhrain ag cáineadh a chéile go dtí go bhfuair siad bás. Gach amhrán a dhéanfadh an file a bhí i nDoire Chasain bhéadh sé i mBearla acht bhéadh na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádraig Ó Buadhaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall Mac Siadhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall