Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 285
- XML “Mo Cheantar Féin”
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do fuair an secéál sin ó Maghnus Mac Giolla Bhrighde, Doire Casain. Tá an fear sin 92 bliadhain. Fuair sé an scéal ó na athair sa'n bhliadhain 1812.
- Tá cuid mhór sean fhocail ag na daoine sa'n áit seo anois mar tá "Fear gan píopa, fear gan sgithiste." Fosta deireann "Cur síoda ar ghabhar is gabhar i gcomhnuidhe é." agus deireann siad fosta "gur doiligh bríste a bhaint dó thóin tharnacht" agus "bean gan leanbh bean gan leithscéal." Fosta deireann siad "Nuair a bhíonn an cat amuigh bíonn an luchog ag rinnce." Ciallaigheann "fear gan píopa fear gan sgithiste" an fear nach bhfuil píopa aige nach bhfuil sgithiste ar bith aige mar go mbíonn sé igcomhnuidhe ag smaointeadh ar a phíopa agus bíonn buaidhreadh air cionnus nach dtig leis toit a bheith aige.Cialluigheann "bean gan leanbh bean gan leithscéal" an bhean nach bhfui pósta agus nach bhfuil leanbh aicí nach bhfuil buaidhreadh ar bith aicí, agus nach bhfuil(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádraig Ó Buadhaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Eamonn Ó Siadhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall