Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 005
- XML “Scéal”
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal
Bhí m'athair ag innse damhsa gur chuala sé na sean daoine ag cainnt ar phóta óir a bhí shíos i bpoll shuas ag teach an mhinistéir i mbaile ar b'ainm do Cruachán. Bhí fear ins an bhaile chéadna agus tiocfadh leis seasaimh ar an áit a rabh an tór foluighthe. Chuaidh triúr fear as íochtar Fhánad suas oidhche amháin agus chuaidh an fhear seo leobhtha gur thaisbean sé an áit dobhtha. Bhí sluasaid agus spáid lobhtha agus thóisigh siad ag bainnt an phoill. Ní rabh siad ag baint i bhfad go dtáinig scaifte mór preacháin ortha agus thóisigh na fir ortha leis na spádaí agus na sluaiste ach ní bhfuair siad an buaidh ortha. B'éigin dobhtha téicheadh agus chaith fear aca an spáid thar an chlaidhe agus léim seisean annsin agus gortuigheadh é agus ní rabh i bhfad na dhiaidh sin go bhfuair sé bás.- Bailitheoir
- Caitlín Ní Shiadhail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Sgéal Grinn
Bhí dhá shean-duine i na gcomhnaidhe ar an Bhaile Úr uair amháin. Páidí agus Caití an t-ainm a bhí ortha. Oidhche amháin thug Páidí isteach sopóg chochain go dtí an chisteanach. Thug sé car-shuain do Chaití agus d'iarr sé uirthi na sopaí a chasadh do. Dubhairt Caití go gcasadh agus thoisigh sí. Nuair a chuaidh sí síos go dtí an seomra bhí tuile dheor ann agus bhí an seomra leath-lán uisge.(leanann ar an chéad leathanach eile)