Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 077
- XML “Ainmhithe Allta”
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an cú ag bun na binne.
Pisreóga fá na h-Ainmhidhthe seo.Tá pisreóga ag baint le cuid de na h-ainmhidhthe állta seo. Shíl na daoine roimh seo go rabh súbh luchóige maith ag leigheasadh an déídeadh. Dá mbéádh spáran deanta de chroiceann na h-easóige bhéádh sé i gcomhnuidhe lán d'airgead. Deirtear na bhfuil sé ceart gearrfhiadh a thabhairt isteach go dtí'n toigh gan an tom bán a bhaint de. Sine pisreóga uilig.Seán Ó Beaglaoich, Seanach - Níl an oiread ainmhidhthe allta thart ins an cheanntar seo a's bhí tamall ó shoin. Is iad seo ar leanas na cinn is mó, na coiníní, na gearrfhiadha, Madaidh Ruadha, agus bruic.
COINÍNÍTá níos mó coiníní thart na aon ainmhidhthe eile. Bíonn na céádaí aca amuigh 'san oidhche ag imirt fríd na cuibhrinn. Ghnídheann siad puill ins na claidheacha agus comhnuigheann siad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighread Ní Gabhagain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cionn an Locha, Co. Dhún na nGall