Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 118
- XML “Mo Cheantar Féin”
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí ar an amhrán. Talamh mí-cothrom atá ann agus tá cuid mhór fliuchrais ann. Ní'l ach loch amháin ann. Loch Cheann-a-locha an t-ainm atá air.Deirtear gur chuir Colmcille a mhallacht ar an loch. Bhí fear ag iascaireacht ins an loch agus d'fhiafruigh Colmcille do an rabh sé ag fágháil éisg ar bith agus dubhairt an fear nach rabh. Ach chan an fhírinne a d'innis sé do Colmcille. Dubhairt Colmcille leis nach mbéádh iasg ins an loch sin go brathach ó tharla nar innis sé an fhírinne.
Maighread Ní Bhaoighill - Tá ceithre toibreacha bannauighthe ar eolas agam ins an paróiste seo. Tá ceann ar an Chréig Áird, ceann i mBaile-Úr, ceann eile i nDruim-na-Créige agus ceann eile ins an Dumhaigh-Mhóir. Tugann na daoine cuairt ar na toibreacha seo ar laethe airithe. Téigheann siad ar chuait chuig tobar Naoimh Pádruig ar an Chréig-Áird ar lá Fhéil' Pádruig(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maighread Ní Dhubhghaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tuaim, Co. Dhún na nGall