Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 016](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1090%2FCBES_1090_016.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 016
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 016
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins an t-sean aimsir bhíodh cíos le díol ag gach duine de réir an mhéid ainmhidhthe a bhíodh aca. Teach an "Toll" a bheirtí ar an áit a bhíodh seo le díol. Ghnídheadh gach duine a dhithcheall fágháíl ar shiubhal gan seo a dhíol. Bhí fear ar an bhaile seo agus ní raibh ainmhidhthe ar bith aige acht tháinig a mhac na bhaile as Albain agus fuair sé asal agus truacaill leis an mhóin a thabhairt na bhaile. D'iarr a athair air gan a ghabhail amach ná go dtiocfadh fear an "Toll" air agus go gcuirfeadh sé cáin air. Dubhairt a mhac go leigheóchadh seisean sin. Chuaidh sé amach acht nuair a bhí sé ag teacht comhgarach dó theach an "Toll" sgaoil sé amach an t-asall agus thoisigh sé fhéin ag tarraingt an trucaill agus an t-asal istoigh sa trucaill. Tháinig fear an "Toll" amach roimhe agus d'fhiafruigh dó ar dhíol sé an cíos. D'iarr Pad air fiafrughadh do'n tiománaidhe. Pad Racán a t-ainm a bhí ar an fhear seo. Bhí dhá dhearbhrathair aige agus bhíodh siad i gcomhnaidhe ag piocadh air agus ag troid leis. Acht chuir sé troid ortha lá amháin agus d'iarr sé ortha lámh amháin de' na chuid a cheagal ar chúl a chinn agus go rachadh sé ar a dhá ghlúin agus rinne sé seo agus bhuail sé aniar agus siar iad.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Mac an t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Seanach, Co. Dhún na nGall