Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 018
- XML “Daoine Cáiliúla”
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)le sgéala chuig Séamus Mhaighread a theacht agus iarracht a dhéanamh leis an mheadhchain. Chuaidh Séamus leis. An chéad am a cháith Shéamus é, chuir sé slát níos fuide na an gárda é. D'fhiach an gárda aráis agus aráis acht chá dtuiocfadh leis a chaitheamh níos fuide na Séamus.
- I bhfád ó shoin bhí beirt fhear ann a bhí an-láidir. Eoghan Feirge a bhí mar ainm ar fhear amháin aca. Bhí seisean in a chomhnuidhe ar an taobh thiar de'n chonndae seo. Bhí an fear eile ina chomhnuidhe i gConndae Mhuigheo. Anois ba mhaith le Eoghan Feirge an fear eile láidir seo a chur faoi smacht mar dá ndeanfadh sé sin bhéadh sé ar an fhear a ba láidre i n-Éirinn. Lá amháin thug sé leis a bhata agus thug a aghaidh ó dheas. Nuair a tháinig sé fhad le Muigheo ní rabh sé doiligh teach an fhir eile a fhágháil mar bhí aitne ag gach duine ins an chonndae air. Ní fhaca Eoghan an fear eile láidir seo ariamh agus ní rabh fhios caidé'n t-ainm a bhí air. Ach ar dhóigh ar bith nuair a chuir sé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maighread Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cionn an Locha, Co. Dhún na nGall