Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirtear nuair a bhíonn realtógaí ag damhsa ins an spéir go bhfuil sé fá choinne siocán.
Nuair a bhíonn na néalltaí ag reachtáil go tapaidh ins an spéir deirfear go bhfuil sé fá choinne stoirme. Nuair a bhíonn tuar ceatha ins an spéir tá sé fá choinne fearthainne. Nuair atá fáinne thart fá'n ghealaigh tá sé fá choinne fearthainne. Má bhíonn na madaidh thart fá'n teinidh deirtear go bhfuil sé fá choinne aimsire fuaire. Nuair a bhíonn na coirr gréine thart fá'n loch tá sé fá choinne fearthainne agus nuair atá siad thart fá'n fhairrge tá sé fá choinne aimsire maithe. Nuair a bhíonn an madadh ag ithe féir tá sé fá choinne droch aimsire. Bíonn sé fá choinne stoirme nuair a bhíonn lasóg gorm ins an teinidh agus tá sé fá choinne fearthainne nuair a bhíonn an súithche ag tuitim. Bíonn sé fá choinne fearthainne nuair a bhíonn na fainleógaí thart fá na beanna. Nuair a bhíonn ceo ag éirghe as Carraig uir bíonn sé fá choinne droch aimsire. Nuair a bhíonn an ceó ag gabhail suas Loch Suilighe tá sé fá choinne aimsire maithe.- Bailitheoir
- Tomás Mac an t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Seanach, Co. Dhún na nGall