Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 032
- XML “Longbhriseadh”
- XML “Áit a Raibh ar Thinidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Briseadh bád ins an Dumhaigh Bhig uair amháin fá thuairim sé bliadhna agus trí fichid ó shoin darbh an Carsten. Rith sí i n-eadan carraige darbh ainm an Stucach Mór. Shuidh sé sa charraig ar feadh seachtmhaine nó mar sin. Bhí malach guail uirthi. Ní raibh i bhfad aca le teacht go dtí an tráigh agus mar sin de sábhaileadh iad uilig. Tháinig an chuid is mó de'n ghual go dtí an tráigh i nDumhaigh Bhig.
- Roimhe seo ní raibh lampaí ar bith aca, ní raibh aca acht giotaí beaga d'adhmad. Oidhche amháin chuaidh gasúr agus a athair amach go dtí an sciobal agus bhí aibhleóg leobhtha leis na giotaí adhmaid a lasadh. Nuair a bhí siad ag teacht amach as an sciobal níor smaointigh siad ar an aibhleóg. Bhí daoine ag teacht ó airneál agus chonnaic siad an toit. Chuaidh siad isteach san teach agus dubhairt siad leis na daoine go raibh an sciobal ar theinidh. Thoisigh siad ag iomchar uisge agus chuir siad as an lasóg.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Séamus É. Mac an t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Seanach, Co. Dhún na nGall