Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 129
- XML “Préataí”
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cuirtear cuid aca isteach i bpoill ins an talamh agus cuirtear cuid eile aca isteach i sciobail.Is iomdha cineál de phreataí ann. Seo cuid de na h-ainmneacha "Kerr's PInks," "Epicures," "Champions," "Irish Whites," "Arran Queens" agus lán eile.Seo cuid de na rudaí a gcaithtear a dheánamh agus na rudaí a núsaidtear le preataí do chur - dipeál, scoilteán, mála dípeáil agus an chéad lán.Bá ghnátach leóbhtha "Starch" a dheanamh as preataí agus ghnídhtear brúitín díóbhtha agus annsin baintear an subh asta. Nuair a racuigheann an subh bheirtear "starch" air. Tá sé fá thuairim trí fichid bliadhain ó bá ghnáthach leó seo a dheánamh.Ba ghnátach leis na daoine arán a dheánamh as preataí. 'Sé an dóigh a ghnídhtear an t-arán na spíontar na preataí agus brúightear iad agus baintear an subh asta agus cuirtear plú fríd an bhruitín annsin agus fágtar i bpota ar an teinidh go mbíonn sé réidh. Tomás Mac an t-Saoir, Seanach
- Níor dhruid Dia doras ariamh nar fhosgail sé fear eile.
Cam díreach an ród sé an bealach mór an aith-ghiorra.
Ní lá na gaoithe lá na sgolb.
Amach as an draighín i's isteach sa dreasóig.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Siadhail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall