Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 021
- XML “Longbhriseadh”
- XML “Báthadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ba ghnathach le cuid mhór de bhádaí na h-Albna a bheith ag iasgaireacht sgadán thart fá'n chosta seo uair amháiin. Oidhche amháin geimhridh chuaidh ceann aca darbh ainm The Prominent amach a iasgaireacht. Bhí fairrge mhillteanach throm ann. Ce bith caidé mar tharla sé chuaidh an bád síos. Níl fhios ag duine ar bith ó'n lá sin go dtí an lá indiu caidé'n dóigh no ca h-áit a dteachaidh sí síos. Tamall fáda na dhiaidh sin tháinig fear amháin aca isteach go dtí an costa báithte.
- Lá amháin chuaidh Seán Ó Baoighill agus Seán Ó Ceanainn amach i sean churrach ar a rabh poll. Chuaidh siad amach go Loch Cheann-a-Locha agus ní rabh siad i bhfad amuigh gur thoisigh an currach a líonadh d'uisge. Nuair a bhí siad chomhair a bheith baithte thoisigh siad ag caoineadh. Bhí athair Sheain Uí Cheanainn ag teacht aníos ó'n tráigh i ndiaidh bheith ag iasgaireacht agus chonnaic sé iad. Bhí sé na shnámhaidhe mhaith agus shnámh sé amach fhád leobhtha le na dtabhairt isteach. Nuair a chuaidh sé amach fhád leo léim fear(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Cheallachain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall