Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 095
- XML “Laetha Áirithe”
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chóir cáil a chur roimhe Lá Fhéile Padraig. Deirtear go bhfuil na daoine abálta leigheasanna fá leith a thriaileadh níos féarr Dia hAoine nó lá ar bith eile de'n tseachtmhain agus go bhfuil Lá Fhéile Pádraig ádhamhail fósta fá choinne leigheasanna a thriaileadh.
- Tuairim's deich bliadhna a's fiche ó shoin bhí cuid mhór daoine bochta ag dul fríd na bailte ag cruinnuighadh a gcuid. Bhí fear darbh ainm Eoghan Mac Fhionnlaigh ag dul thart roimhe seo agus sé an céird a bhí aige ag déanamh cannaí agus sgálaí iarainn. An teach a bhíodh se ar lóistín ann chruinniughadh na daoine go h-uile aige indiaidh na h-oidhche a dh'éisteacht leis ag innse sgéalta ghrinn. Bhí fear eile ag dul thart darbh ainm Brian Mac Daide agus bhí se i n-a chúpaire ag déanamh cuinneóg agus tubán. Bhi fear darbh ainm Tomás h-Énrí agus a bhean ag dul thart ag cruinniughadh a gcuid fríd na bailte agus annsin chaitheadh siad seachtmhain shuas ins an Bhuireann i dteach m'athar'mhóir. Annsin imthigheadh siad i gcionn seachtmhaine agus siubhaileadh siad(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Mac an t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cúl an Doire, Co. Dhún na nGall