Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 121
- XML “Toibreacha Beannaithe”
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Níl iasg ins na tobair seo. Bhí bean na comhnuidhe i nGleann Fanaid am. Thug sí bucaid de'n usige leithi as tobar Cholm Cille le brachan a dheánamh. Dá mbíodh an pota shíos ó shoin ní ghoilfeadh sé. Níl crainn ag fás ag na tobair seo.
- Tá ceithre tobair beannuighthe ins an pharóiste. Tá ceann aca ar an Chréig-Áird fá thuairm leath-chéad slat ó'n bhealach mhór. Tá sé ar fheirm fir darbh ainm Mac Congbhaile. Tobar Naomh Pádraig an t-ainm atá air. Tá ceann eile thíos i mBaile Úr ar fheirm fir darbh ainm Ó Cheallaigh. Tobar Naomh Pádraig an t-ainm atá ar an tobar seo fosta. Tá tobar eile i nDruim na Créige darbh ainm tobar Cholm Cille. Tá sé i gcois an bhealaigh mhóir. Tá tobar eile thall ar Chnoc Duimhche Móire darbh ainm tobar Naomh De Bheadóg.Téigheann daoine go tobar Naomh Pádraig ar an Chreig-Áird agus go tobar Naomh Pádraig ar an Bhaile-Úr lá Fhéile Pádraig agus go cionn naoi lá in a dhiaidh. Téígheann daoine go tobar Naomh Cholm Cille i nDruim na Créige ó'n naomhadh la de Mheitheamh go dtí an t-ochtmhadh lá deug. Tá ceithre clocha deug(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Mac an t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Seanach, Co. Dhún na nGall