Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 146
- XML “<span class="exact">Cúram</span> <span class="exact">na</span> <span class="exact">gCos</span>”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhíodh cuid de na daoine 'san t-sean aimsir fá thuairim fiche bliadhain sul a gcaitheadh siad bróga. Nuair a bhéadh na sean mná ag dul go dtí an Séipéal 'san t-sean am rachadh siad costarnocht. D'iomchuireadh siad a gcuid bróga in a lámha agus chuireadh siad ortha iad nuair a bhéadh siad in-aice an t-Séipéail. Nuair a rachadh siad abhaile bhaineadh siad díobhtha na bróga agus ní chuireadh siad ortha níos mó iad go dtí an Domhnach arais.Ní chuireadh na páistí bróga ortha ins an Gheimhreadh nó ins an t-Samhradh. Chá dtéígheann acht corr pháiste costarnocht anois ins an t-Samhradh.Ní'l acht bheirt gréasaidhe 'san áit seo agus chá ndeánann acht ceann amháín aca bróga corr uair. Bhíodh na gréasaidhthe níos fairsinge fadó na tá anois mar tá comhair a bheith duine ag cóiriughadh a chuid bróg fhéin. Is é(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maighread Ní Gabhagain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cionn an Locha, Co. Dhún na nGall