Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cuimín
- XML Leathanach 029
- XML “Scéal - An Béacudán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá áit i gCo. Mhuigheo agus deirtear gur ghnáthach le taidhbhse a bheith ann darbh ainm an béacudán. Colann gan ceann a bhí ann agus bhíodh se le feicealt in áit uaigneach iargcúlta. Ní bhíonn sé le feicealt acht in áit éigin a rinneadh feall-bheart ar dhuine agus gur baineadh an ceann de. Deirtear go mbíonn an cholann amuigh indiaidh na h-oidhche ar lorg a chinn agus níor mhaith leis an nduine castal ar san oidhche.
"Coill Bhárr na Ladhra" an t-ainm atá ar an áit in a mbíodh an taidhbhse seo le feicealt. Ins an áit seo tá coill mhór agus síos giota o'n choill tá áit an-uaigneach. I bhfad ó shoin bhí cómhnuidhe ar lánamhán pósta ins an áit seo agus ní rabh acu acht giota beag de dhroch thalaimh. Bhí inghean amháin acu. Cailín sgiamhach, gleóidhte a b-eadh í. Shil siad go mbéadh sí fágtha go bráth gan pósadh. Bá throm a luigh an imnídhe ar an mbeirt.
Lá amháin fuair an chailín cuireadh go teach gaoil dí fhéin go ceann seachtmhaine agus d'imthigh sí. An oidhche in a dhiaidh sin chuaidh an sean-lánamháin a luighe go luath. I lár na h-oidhche mhothuigh siad bualadh ar an doras agus d'éirigh fear an toighe agus leig sé isteach é. Fear measardha aosta a bhí ann. Bhí sé gléasta go maith agus cuma an t-saidhbhris air. Bhí mála beag leathair leis nach rabh morán toirte ann acht san am(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Bhaoghaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Clochán, Co. Dhún na nGall