Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)

Suíomh:
An Coimín, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 030

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 030

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Cuimín
  2. XML Leathanach 030
  3. XML “Scéal - An Béacudán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ceadhna. Bhi cuma ar go rabh rud eighinteacht trom ann. Shuidh sé agus leagadh an máilín i leath-taobh.
    Bá gheárr go rabh béile réidh ag bean an toighe do, gídh go mbá shúarach an béile é ní fhuarthas aon locht ar mar gur mhaith an t-annlan an t-ocras. Dubhairt sé gur as Conndae Shligigh é agus go rabh sé ag pilleadh abhaile as Mheiriocá agus gur i nGaillimh a thainic sé i dtír agus go gcaithfeadh sé shiubhal abhaile.
    Nuair a bhí sé réidh leis an bhéile d'fosgail sé an máilín agus thairg sé cupla píosa airgead do bhean an toighe acht dhiúltuigh sise pighinn ar bith a ghlacaint uadh. Nuair a bhí sé ag cur arais an t-airgead sa mhála thug bean an toighe giotaí óir fa dear sa mhála agus bhuail sainnt í. Shíl sí dá mbéadh an t-ór aicí go mbéadh saoghal deas aicí fhéin agus a inghean. Fhad agus bhí sé fhéin agus fear an toighe ag cainnt bhí an bhean ag deanamh suas rud eighinteacht ar an dóigh go bhfuighead sí an t-ór nuair a bhéadh an fear in a chodhladh.
    Cómh luath agus thuit an stráinsear na chodhladh dinnis an bhean an rún do fhear an toighe fá'n t-ór. Bá bheag cluas a thug sé dithe a chéad uair acht ní rabh sé ag fághail suaimhneas ar bith uaithí. Níor mhaith leis aon dadaidh a dheanamh leis an stráinsear acht thug
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Bhaoghaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Clochán, Co. Dhún na nGall