Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cuimín
- XML Leathanach 031
- XML “Scéal - An Béacudán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an bhean air an tuath a thabhairt leis agus an fhear eile a mharbhadh.
Dubhairt sí go gcuirfheadh siad an ceann i bhfolach sa choill. Bhain an fhear an ceann de agus thug sé leis é agus chuir siad i bhfolach é sa choill. Chas siad an colann suas i málaí agus d'fág siad é giota maith ar shiubhal o'n cheann.
Is cosamhail go bh'fuaras an colann in a dhiaidh seo agus cuireadh é sa Roilig acht ní fhuarthas an ceann ar chor ar bith. Nuair a chuartaigh siad an mála ní rabh ann acht mianraigh de chineal eicint a rabh dath buidhe ortha, mianraigh a chuir an stráinseár suim ionnta acht narbh bhfiu faic iad dóibh na daoine a rinne an dúnmharbhadh. Nuair a chonnaic siad seo thoisigh an fear ar a bhean ghur fhág sé í comh marbh le mart.
Goill seo go mór ar a intinn agus d'imthigh sé. D'imthigh an inghean fosta agus tracht nó tuaraisc ní bhfuarthas uirthí uaidh sin amach. Deirtear go n-éirigheann sé san oidhche agus go mbíonn sé fríd an choilleadh ar lorg a chinn. Sin an taidhbhse a bhí i "gCoill Bhárr na Ladhra" ins an t-sean am.- Bailitheoir
- Anna Ní Bhaoghaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Clochán, Co. Dhún na nGall