School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
![The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0279](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0061%2FCBES_0061_0279.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0279
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)IV
Na cúirteanna ‘s iad déanta
Gan mairg ó na saora
Na caisleáin is iad líonta
Le soillse suas go bárr
Roghain gach biadh ‘s gach dighe ann
Dár leagadh ag aon righ riamh
Damhsa ag clanna sidhe
Is lán-siamsa ins’ gach bán.V
Na báird a’ seinm ceóil ann
Ar chlársaibh sreangaibh ór buidhe,
Na draoithe go ciúin ag cómhradh
‘S ag cur síos ar thogha na laoch,
Na flatha ag ithe ‘s ag ól ann
‘S an claidhmhreach amuigh a’ foghluim
Is torthaí ann ‘na sgórta
Ag tarraingt síos na gcraobh.VI
Arb’ shiúd é tír na h-óige
Bhí faoi theas an tsamhraidh i gcomhnaidhe
‘S ar fhan Oisín ann go bródamhail
I bhfad i ndiaidh na bhFiann?
Ró arb amhlaidh ghlac dubhrón
A chéile Niamh Chinn Óir ann
‘S go bhfuil sí ‘tigheacht ar chóstaí
Le uaigneas ‘na dhiaidh?(continues on next page)- Informant
- Seósamh Ó Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 27
- Address
- Baile na mBrobhach, Co. na Gaillimhe