School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)t-ughdar gáiridhe di féin go n-imtheóchadh sí abhaile. Agus níor innis agus d'imthigh sise abhaile.
Go gairid 'na dhiaidh sin chuaidh seisean ag fiadhach mar ba ghnáthach leis. Aon oidhche amháin bhí sé ar lóistín i dteach agus leagadh beatha chuig an gcú í lár an urláir agus chuaidh an mada gearr a bhí sa teach chun páirtidheacht léi acht thosnuigh sise ghá bualadh agus dhíbir sí é. Deirigh seisean agus bhuail sé buille ar an gcoin. Annsin dubhairt sí nach siubhailfeadh sí í n-éindígh leis go bráthach arís. "O" adeir sé le bean an tighe , "gcluin tú an rud adubhairt mo chú!" Bhí an fios caillte annsin aige.
Ar maidin lá ar na bhárach chuaidh sé go dtí teach na mná agus d'innis sé di an t-úghdar gáiridhe a bhí aige agus chuadar abhaile agus mhaireadar le chéile go sona sásta arís go bráthach.- Collector
- Colm Ó Cúláin
- Gender
- Male
- Informant
- Lochlainn Ó Cúláin
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Age
- 57