Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Ainbhthin
- XML Leathanach 316
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ins an Dún go dtí trí no ceaghar de bhliadhanta ó shoin dár b'ainm Máirtín Ó Fátharta agus bhí sé ina thogha-thuigheadór. Bhíodh sé ag tuigheadóracht do mhuinntir na h-áite seo. Nuair a bhíodh sé ag tuigheadóracht bhíodh sgolbaí aige. Casadh sé na lután agus chuirreradh sé treasna ar na sguibh iad agus bhualadh sé na lután lé máiléadh.Tá fear ar an Dún agus is é an t-ainm atá air Peadar Ó Fátharta. Tá sé ina thoga cúipéar. Déanann sé cuinneóga agus tubáin. Bíonn triosg (?) aige leis an ádhmaid a gheárradh. Bíonn plána aige agus siséal. Bíonn gimléad aige le puill a chur ins na cláracha.
Bhí beirt fhear de mhuinntir Uigínn ar an Dún fadó. Maitias agus Seán Ó h-Uigínn a bhí ortha. Bhíodh siad amach "Glan an Fhiadh" taobh amuigh de'n chnoc ag bainnt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Peadar Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe