Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Ainbhthin
- XML Leathanach 319
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tuighe túmtha i hfeir. D'fhagadh sé in áit eichínt iad go mbéadh siad cruaidh. Annsin lasadh se iad.
Bhí fear eile i nDún, Ros Cathail darbh'ainm Máirtín ó Fátharta; agus 'sé a dhéanadh tuigheadóireacht na h-áite seo ar fad. Bhaineadh sé sgolbaí an dtú agus dhéanadh sé máilléadh de ádmaid.
Tá fear darb' ainm Seán Ó Gríobhtha i Ros Cathail agus tá sé go h-an mhaith ag caoladóireacht.
Déanann sé cléibh as éadan a céile le sgolbai agus díolann sé ar an margaidh in Uachtair Ard iad.Tá bean i leamhchoill Mágh Chuillin sar b'ainm Sorcha Ní Chonchubhair. Ní chuireadh sí dath ar bith ar a cuid eadaigh ach dath a bhaineadh sí as caonach abhíodh ag fás ar na clocaí amuigh ins na sleibhte.
Théigheadh sí amach le mála agus bhaineadh sí a lán de sgraith-chloch, an caonach. Chuireadh sí síos i bpota ag bruith é go mbéadh an súgh bainnte as. Annsin shéaladh sí é(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nápla Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe