Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Ainbhthin
- XML Leathanach 322
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhíodh lánamhain ag dul a phósadh fadó chaitheadh an fear an bean a iarraidh ar a h-athair agus ar a máthair agus dá bhfuigheadh an fear annsin aon geallamhaint ar an mbean tharraingóchadh sé amach buidéal uisge beatha agus roinneadh sé ar muinntir an tighe é. D'iarruigheadh an fear annsin de mhuinntir an tighe cé'n oidhche a thiochadh sé arist ag déanamh an chleamhnais. Déireóchadh muinntir an tighe leis an bhfear a theacht a leithead seo go oidhche mar a déarthá seachtmhain o'n oidhche sin go socruigheadis an cleamnas . Tiochadh an fear annsin an oidhche sin chuig teach na mná agus thiubhradh sé leis ceathar nó cúigear fir agus bhéadh leath-ghalún uisge beatha ag an bhfear ag teacht agus bhéadh leath-ghalún eile í dteach na mná. Bhéadh tuille daoine annsin í dteach na mná cruinnighthe freisin agus d'fhanadh siad annsin ar feadh na h-oidhche agus bhéadh an - oidhche acab amach is amach ag ithe 'gus ag ól ag damhsa 'gus ag gabháil fhuinn. Ar maidin d'imtheóchadh gach duine acab abhaile ach an fear óg. D'fhanadh an fear óg annsin go bhfeiceadh sé cé méad spré(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Uigínn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó hUigínn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 61
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe