Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá áit in aice le teach Seán Daidhbhín, Cnoc a' Bracháin, Uachtar Árd Co na Gaillimhe ar a dtugtar leas Poll mór é agus tá loch in aice leis. Bhí sé mar áit comhnuidhe daoine Cnoch a' Bhrocháin nuair a bhí na Lochannaigh ina Éireann. Bhíodh clann Mhaille ann agus clann Concubhair agus clann Mhaoldhomhnuigh agus daoine eile. Tá pichtuir cat isthigh ann a bhí mar bréagháin ag na páistí agus tá go leor pota briste isthigh ann. Aon uair amáin bhí páiste tinn agus bhí an slághdán air, agus bhí sé ag caonadh agus chuala na Loclannaigh é agus rinneadh síad ar an áit agus fuair siad na daoine amach. Chuaidh siad isteach agus mharbhuigh síad na daoine fásta agus thugadár ná páistí leo agus níl fhios againn cérad a rinne siad leo. Áit sideóga iseadh é anois agus uaireannta tagann daoine ag féachaint air. Tá áit i Mágh Cuillin, Co na Gaillimhe i ngarraidh Michéal Máille agus tughtar leas a mhámh air agus sidheóga a bhí ann. Áit an-mhór é agus tá sé idir na crainnte agus má theigehann tú(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Mhaoldhomhnaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cnoc an Bhracháin Thiar, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Maithis Ó Maoldhomhnuigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Seoladh
- Cnoc an Bhracháin Thiar, Co. na Gaillimhe