Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Ainbhthin
- XML Leathanach 386
- XML “Féilte na Bliana”
- XML “Féilte na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an lá sin. Bíonn fír ag ritheacht ar cos agus an rothair. Bíonn cábháin ann agus rudaí deasa ghá ndíol aca.
- Tá go leor féilte in gach bliadhain acht bíonn go leor cainnte ar an Nodhlaig.
An Nodhlaig:-
Tagann an Nodlaig ar an 25 adh Mí na Nodlag. Bíonn na daoine ag réidhteach na cóir seachtmhain sul a dtagann sí. Nuair a bhíonn an teach agus gach rud glan téigheann siad go dtí an baile mór ag ceannacht rudaí. Ceannuighann siad:- cacaí milse, cuiríní risíní, subh, im, briscí, oráistí, milseáin agus builíní. Nuair a thagann siad abhaile deanann siad cácaí milse. Ins an oidhche ní itheann siad an suipéar go mbíonn sé deireannach mar ní bhíonn siad indon mórán a ithe. Eirigheann na daoine go moch maidin lae Nodhlag agus téigheann siad ar Aifreann a seacht. Bíonn gé no cearc fhranncach ag gach duine i gcóir dinnéir Lae Nodhlag agus bíonn siad ag ól(leanann ar an chéad leathanach eile)