Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Ainbhthin
- XML Leathanach 403
- XML “Éadaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl ach aon táilliúir amháin sa bparáiste seo. Sé an t-ainm atá air Tomás Ó Fathaigh agus tá sé in a chomhnuidhe i nGort-a-Chárnáin. Bhí táilliúir eile i gCnoc A Bhrocháin ach cáilleadh é cúpla bliadhain ó shoin. Déanann an táilliúir go leor éadach do na daoine atá sa bparáiste. Bríste cneasna, drár, agus báinín is mo a chaitheanns na daoine timcheall annseo. Caitheann na sean-mhná fó ghúna dhearg, seál, agus bíonn sáilín beag aca ar a gcloigeann agus tugann siad naipcín air. Caitheann siad caimhlín taobh istigh a bhíonns déanta go flainín. Ins an Samhraidh ní chaitheann chuid de na fir ach drár agus báinin. Uaireannta san ngeimhreadh caitheann na mná sgirte cneasna. Nuair a béaranns na daoine na caora nígheann siad an olna agus cuireann siad isteach go Gaillimh í ag an muileann. Má's snáth a bhíonns ag taisteál déanann siad sin dhó. Ní chonuigheann an táilliúir aon éadach san teach ac aon uair a deirfheadh na daoine leis cuireannse fios air. Ní chonuigheann an tailliúir(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe