Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 003
- XML “An Bhean agus a Triúr Mac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)imthighthe dubhairt an dara mac go ngabhfadh sé fhéin ar lorg oibre. D’fhiafruigh an mháthair dhe cé b'fhearr leis, an cáca beag agus a beannacht nó an cáca mór agus a mallacht. Dubhairt sé go mbfhearr leis an cáca mór agus a mallacht. D’imthigh sé is thárla an rud céadna dhó is a thárla don duine eile.
Ansin nuair a bhí sé bliadhain imthighthe dubhairt an mac b’óíge go ngabhfadh sé fhéin ar lorg oibre. D’fhiafruigh an mháthair dhó cé b’fhearr leis an cáca mór agus a mallacht nó an cáca beag agus a beannacht. Dubhairt sé go mb'fhearr leis an cáca beag agus a beannacht. Annsin d'imthigh sé agus tháinig sé go dtí an tobar agus thosuigh sé ag ithe agus nuair a bhí sé ghá ithe tháinig an mada go dtí é. D'iarr an mada cuid dá chuid bidh air. Dubhairt sé go dtuibhradh. Annsin bhuail an mada a iorball ar an tobar agus tháinig uachtar meala air agus íochtar fola agus dubhairt an mada go dtuibhradh sé féin congnamh dhó uair a bith a tháisteóchadh sé uaidh. Annsin d'imthigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Sinéad, Bean Uí Finneachta
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gleann Trasna, Co. na Gaillimhe