Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)

Suíomh:
Camas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 061

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 061

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Camus
  2. XML Leathanach 061
  3. XML “Sidina, Stidina agus Steainín Ó Néaró”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    chonnaic Sidina agus Stidina an t-airgead aige d'fhiafruigh siad dhe cé bhfuair sé é. "Ins an a bhfuigheadh sib-sa é má marbhuigheann sibh bhur gcuid beithidheach agus na craicne a thabhairt chuig an aonach. Mharbhuigheadar na beithidhigh agus lasg leo 'ig an aonach. Acht nuair a shroicheadar an margadh teigheadh an craiceann acu agus ní raibh acu acht bóthar a bhualadh abhaile aríst.
    Annsin bhíodar le Steainín Ó Néaró a bháthadh agus chuireadar síos i mála é agus leagadar ar thaobh an bhóthair é. Chuaidh fear an bóthar agus go leór beithidheach aige. D'fhiafruigh sé do Steáinín Ó Néaró céárd a bhí air. "Tá mo bheirt dearbhrathair a' iarraidh orm inghean an Ríogh a phósadh agus níl mé sásta í a phósadh". "Ó", adeir sé, "leig mise ann is pósfaidh mé í." Seo isteach le mo dhuine. Acht nuair a fuair Sidina agus Stidina é chaitheadar isteach ins an loch é. Ar maidin ní raibh 'fhios ag Sidina ná ag Stidina cé as a dtáinic na beithidhigh. D'iarradar ar Steainín Ó Néaró cé bhfuair sé na beithidhigh. "Óra", adeir sé, "san áit a bhfuigheadh sib-sa iad má theigheann sibh ann". Bhí na beithidhigh ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Padraic Mac an Iomaire
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Cnoc, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Stiophán Mac an Iomaire
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Cnoc, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Mac an Iomaire
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Cnoc, Co. na Gaillimhe