Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 063
- XML “Fir Láidre”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ann. Rinne an fathach iongantas go raibh fiacla chomh maith ag Fionn leis fhéin agus gan é acht bheith sa gcliabhán. Chuaidh sé go dtí é agus chuir méar 'na bhéal acht bhain Fionn an méar dó. Annsin bhuail faitchíos an Fathach agus níor thaobhuigh sé theach Finn uaidh sin amach mar bhí sé a' ceapadh go raibh Fionn chomh láidir leis féin.
--
Fear a bhí 'na chomhnaidhe ag Cuan an Fir Mhóir thugaidís 'an fear láidir' air. Sé an áit a mbruithfeadh sé a chuid fataí ar charraig a bhí sa bfairrge. Is ó Pheadar an Geata a cheannuigheadh sé na fátaí. Bhí an pota a bhí aige i ndon fiche cloch fataí a bhruith agus d'íosadh sé an méid sin chuile lá. Nuair a bhíodh na fátaí bruithte ag an bhfear mór 'chuile lá chaitheadh sé an pota siar 'ig Mordán le an chuid fhéin a bhruith. Bhí seisean 'na chomhnuidhe ar mhullach Chnuic Mhordáin.
Lá amháin chuir Mordán agus Goireal (a bhí 'na chomhnaidhe ar mhullach cnuich Sheana) na feóla cainnte ar a chéile faoi chaitheamh cloch neart. Sé an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Mac an Iomaire
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Bailitheoir
- Stiophán Mac an Iomaire
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Mac an Iomaire
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe