Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 071](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0069%2FCBES_0069_071.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 071
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 071
- XML “Fir Rásaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fir Rástaí
Bhí fear ann fadó agus 'sé an t-ainm a bhí air Darach Ó Niadh. Do bhí rásaí lé bheith i n-Uachtar Árd an lá seo. Bhí go leór daoine lé bheith ag na rásaí. Ní raigh a fhios ag an bhfear seo céard a bhí sé a dhéanamh leis fhéin an lá roimhe sin agus bhí sé a' rádh lé 'chuile dhuine eile nach raibh aon mhaith dhóibh a ghabhail ann gur bé féin a bhuadhfadh an rás.
Bhí go maith. Tháinig an lá agus d'imthigh siad chuig an rás agus bhí sé 'n choimhlinnt. Is ar rothair a bhí siad a' coimhlinnt. Bhí an fear seo breágh láidir agus is aige a bhí an duais. Sin é an uair a bhí an gleó as an bhfear seo.Do mhair i n-Éirinn fadó bean darbh ainm Úna Ní Cheartair. Bean an-mhaith an bhean seo, ag amhránuigheacht. Bhí a cáil ar fud na tíre. Ní bhíodh áit ar bith a mbíodh spraoí nach mbíodh sí iarrta lé h-aghaidh amhrán a chasadh. Bhí sí ar an duine a b'fhearr sa tír. Bhíodh 'chuile dhuine ag iarraidh a bheith ag éisteacht léi. Badh mhaith léithe féin a bheith a' casadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peadar Cínde
- Ainmneacha eile
- Peadar Cínde
- Peadar Ó Conaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 65
- Seoladh
- Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe