Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 107
- XML “An Chaoirín Ghlas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nuair a cailleadh a bhean. Bhí inghean amháin aige. Phós sé arís agus bhí triúr inghean aige an dara h-uair. Má bhí agus go raibh bhí an leas-mháthair anuas ar an gcéad inghean. 'Sé an obair a tugadh dí ag faire caorach.
Bhí sí chomh maith gach uile ordlach leis an triúr eile. Bhí fhios ag an leas-mháthair go raibh rud maith eicínt ghá thabhairt chuici seo. Dubhairt an inghean ba shine go ngabhfadh sí ag faire go bhfeicfeadh sí céard a bhí dhá dhéanamh. Chuaidh. Dubhairt sí léithí a ceann a leagan anuas ar a glúnaigh agus go mbreathnóchadh sí 'na ceann. Leag an cailín a ceann ar a glúnaibh agus sháith sí biorán suain 'na cúl. Thuit a codladh ar an gcailín agus thosuigh an leas-deirbhsiúr ag faire go bhfeicfeadh sí an raibh tada ag teacht. Tháinig an caoirín go dtí í i lár an lae. Ní fhaca an leas-deirbhsiúr í. Chuaidh sí abhaile agus dubhairt nach raibh tada ag teacht chuichi.
"Gabhfaidh mise ghá faire", adeir an dara h-inghean.
"Is cuma liom", adeir an mháthair.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Nóirín Bean Uí Mháille
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe